Screenshot 2024 03 04 At 11.01.14

Tá an-áthas ar Theatre Forum a bheith ag obair le hAmharclann na Mainistreach le comhrá faoi Open Space a chur ar siúl Dé Máirt, an 19 Márta sa Phéacóg (11:00-15:00). Tá sé dírithe ar chleachtóirí amharclannaíochta agus taibh-ealaíon a oibríonn trí mheán na Gaeilge agus cuireann seo deis ar fáil chun ceangail agus líonrú a dhéanamh. Cuirfear an t-imeacht ar siúl trí Ghaeilge ach cuirtear fáilte mhór roimh dhaoine ar gach cumas. Tá an t-imeacht ar oscailt do chleachtóirí ag aon chéim dá ngairm bheatha.Cuirtear an t-imeacht seo ar siúl fad a léireofar an dráma Gaeilge Na Peirsigh / Persians leis an scríbhneoir agus an file cáiliúil Nuala Ní Dhomhnaill ar Stáitse na Péacóige.

Níl aon chostas ar fhreastal ar Open Space ach caithfear clárú dó. Cláraigh, le do thoil faoi Déardaoin, an 14 Márta le d’áit a chur in áirithe. Tá spás teoranta agus bronnfar áiteanna ar bhonn tús freastail ar an duine is túisce.
Cuirfear tae, caife agus lón ar fáil.

Tá Ealaín na Gaeltachta ag tairiscint stipinn taistil agus lóistín do suas do 10 ealaíontóir atá lonnaithe sa Ghaeltacht agus ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge chun freastal ar an imeacht. Ghlacfar le hiarratais ins an ord ina dtagann siad isteach. Seol ríomhphost go ealain@udaras.ie chun iarratas a dhéanamh roimh an 14 Márta.

Eolas faoi Open Space
Bealach iontach é Teicneolaíocht Open Space do ghrúpaí chun smaoineamh, caint agus dul i mbun gnímh le chéile. Déanann rannpháirtithe an t-eagrúchán iad féin chun a gclár féin a chruthú ar an lá agus titeann comhráite réchúiseacha amach faoi na ceisteanna atá tábhachtach dóibh.

Conas a dhéanfar an t-imeacht a oibriú?Beidh Open Space ar siúl ó 11am go 3pm Dé Máirt, an 19 Márta (Mura féidir leat an lá iomlán a chaitheamh ann, is féidir leat bualadh isteach agus fágáil).
Is é an sceideal:
11:00 – 11:45 Seisiún tosaigh le tae/caife
11:45 – 12:30 Seisiún 1
12:30 – 13:15 Cuirfear lón ar fáil
13:15 – 14:00 Seisiún 2
14:00 – 15:00 Seisiún scoir

Tá ráta lascainithe ar thicéid á chur ar fáil ag Amharclann na Mainistreach chun Na Peirsigh / Persians a fheiceáil Dé Máirt, an 19 Márta. Seolfar níos mó eolais chuig daoine a chláraíonn.

Is é Em Ó Ceallaigh ár n-éascaitheoir.

Em Ó Ceallaigh
Is amharclannóir mé (éascaitheoir, stiúrthóir, dramaturg, agus devisor). Ba stiúrthóir ealaíne mé don chompántas amharclannaíochta Super Paua (2022-2023), ag crúthú ealaíon do dhaoine óga agus deiseanna forbartha d’ealaíontóirí. Cruthaím ealaín nua aimseartha, ilteangach agus greannmhar leis an bpobal agus an lucht féachana sa chroílár. Tá suim agam i náire, agus na scéalta á insint fúithi. Bím ag súgradh le structúr agus foirm chun aistir siumiúla a aimsiú.

Obair le déanaí: Sparánacht ón gComhairle Ealaíon chun mo saothar dramaturgy a fhorbairt 2023-2024; An Chos Eile, axis: Ballymun Mí na Samhna 2024 (stiúrthóir ar dhráma aiteach); coimeádaí le haghaidh Schöne Aussicht 2024, féile ealaíon idirnáisiúnta sa Ghearmáin; Clár éascú d’ealaíontoirí 2024, le Riverbank Arts Centre, chun ceardlanna a cruthú agus a dhéanamh idir na healaíona agus eolaíocht (deantóir clár); Whodunnit? The Great Art Robbery!, Dublin agus Melbourne Fringe Festival 2022 (aisteoir/éascaitheoir, agus forbairt ar Whodunnit do dhaoine óga ar líne); Scéalta Super Paua/Super Paua Stories 2022-2023, podchraoladh ar líne saor in aisce i gcoimhoibriú le axis: Ballymun agus Riverbank Arts Centre (stiúrthoir, dramaturg agus léiritheoir)..

Open Space as Gaeilge

Theatre Forum is delighted to be teaming up with the Abbey Theatre to host an Open Space conversation on Tuesday 19 March in the Peacock (11:00 – 15:00). Aimed at theatre and performing arts practitioners working the medium of Irish, this is an opportunity to forge connections and network. The event will be facilitated through Irish but all levels are very welcome. The event is open to practitioners at any stage of their career.This event is presented during the run of  the Irish language production of Na Peirsigh / Persians by renowned writer and poet Nuala Ní Dhomhnaill on the Peacock Stage.

Open Space is free to attend but does require registration. Please register by Thursday 14 March to secure your spot. Space is limited and places will be allocated on a first-come-first-served basis.
Tea, coffee and lunch will be provided.

Ealaín na Gaeltachta is offering travel and accommodation stipends to up to 10 Gaeltacht-based artists who work through the medium of Irish to support their attendance. Applications will be accepted on a first-come, first-served basis. Email ealain@udaras.ieto apply before March 14th.

About Open Space
Open Space Technology is a great way for groups to think, talk and take action together. Participants self-organise to create their own agenda on the day with free-flowing conversations about the issues that are important to them.

How will the event work?Open Space will run from 11am to 3pm on Tuesday 19 March (If you can’t commit to the full day you are welcome to pop in and out).
The schedule is:
11:00 – 11:45 Opening session with tea/coffee
11:45 – 12:30 Session 1
12:30 – 13:15 Lunch will be provided
13:15 – 14:00 Session 2
14:00 – 15:00 Closing session

The Abbey Theatre is offering a discounted rate on tickets to see Na Peirsigh / Persians on Tuesday 19 March. More info will be sent to registrants.

Em Ó Ceallaigh is our facilator

Em Ó Ceallaigh
I’m a theatre-maker (facilitator, director, dramaturg, and devisor). I was the Artistic Director of the theatre company, Super Paua (2022-2023), creating art for young people and development opportunities for artists. I create contemporary, humorous and multilingual work with the community and audience at the heart. I’m interested in shame, and the stories we tell about it that limit us. I play with structure and form to find interesting journeys.

Recent work: a bursary from the Arts Council Ireland to develop my dramaturgy practice 2023-2024; An Chos Eile, axis:Ballymun November 2024 (director and some dramaturgy); curator for Schöne Aussicht 2024, international arts festival for young people in Germany; Facilitation Programme for Artists, with Riverbank Arts Centre, to create and run creative workshops with science (programme creator); Whodunnit? The Great Art Robbery!, Dublin and Melbourne Fringe Festival 2022 (actor/facilitator for online whodunnit); Super Paua Stories 2022-2023, multilingual podcast online (director, dramaturg and producer)