
Ceangal Dolen 2 Coimisiún Dhigiteach- Sproicdháta Athruithe
Spriocdáta Dé Luain 12ú Deireadh Fómhair
Ceangal | Dolen II- Coimisiún Dhigiteach
Miontreoir Thionscadail do Scríbhneoirí, Stiúrthóirí & Taibheoirí
Is é Ceangal | Dolen II an dara tionól ag ealaíontóirí de chuid na Gaeilge, Ghaeilge na hAlban agus na Breatnaise. Beidh tionól na bliana seo ar siúl ar líne go hiomlán 10-13 Samhain agus tá sonraí breise le fógairt go luath faoin modh clárúcháin.
Is iad seo a leanas ceithre phríomhchuspóir an tionóil:
- Teacht ar mhodhanna nuálacha chun obair úr a dhéanamh sna trí theanga mhionlaithe sin.
- Samhlacha den dea-chleachtas a chíoradh agus a chomhroinnt.
- Teacht ar chomhaontú i dtaobh treoirphrionsabail chomhchoiteanna i gcomhair earnáil na hamharclannaíochta trí Ghaeilge, Gaeilge na hAlban agus Breatnais – treoirphrionsabail a chothaíonn meas, éagsúlacht agus comhionannas teanga.
- Lucht amharclannaíochta a choimisiúnú chun saothair nua a chur i láthair ina dteangacha dúchais – Breatnais, Gaeilge (na hÉireann) agus Gaeilge na hAlban.
An Glao:
Mar chuid de thionól na bliana seo, coimisiúnóidh Ceangal | Dolen II sé phíosa nua oibre a chuirfear i láthair go digiteach i rith sheachtain an tionóil agus ar líne amach anseo. Beirt iarratasóirí ó gach tír chomhpháirtíochta a bheidh sa roghnú deiridh. Is éard is aidhm don choimisiúnú seo seo deiseanna cruthaitheacha ar bhonn íoctha a chur ar fáil d’ealaíontóirí atá ag obair i nGaeilge, i nGaeilge na hAlban agus sa Bhreatnais sa ré dhúshlánach seo agus tacú le forbairt saothair nua sna trí theanga mhionlaithe sin.
Na hiarratasóirí a n-éireoidh leo, gheobhaidh siad táille choimisiúin €1,500.00 (Éire) | £1,370.00 (Albain/an Bhreatain Bheag/Tuaisceart Éireann) chun píosa oibre a fhorbairt agus a chur i láthair go digiteach ag Ceangal Dolen II i mí na Samhna ar an téama “Ceangal”. Táille uilechuimsitheach is ea é seo agus cuimsítear faoin táille sin forbairt, cruthú agus doiciméadú an phíosa oibre, lena n-áirítear oibrithe comhair, teicneoirí agus aon saorealaíontoirí eile a mbeidh baint acu le cruthú an tsaothair. Tá iarratais á lorg againn anois ó ealaíontóirí sna trí thír chomhpháirtíochta roimh an spriocdháta: 10 r.n., Dé Luain, 12ú Deireadh Fómhair.
Critéir:
- Saothar nua amharclannaíochta atá le bunú ar an téama “Ceangal”; ní mór gurbh fhéidir an saothar a chraoladh ar líne le linn thionól Ceangal | Dolen II.
- Déanfar réamhthaifeadadh ar an bpíosa agus ba chóir é a scríobh agus/nó a chur i láthair sa Bhreatnais, i nGaeilge na hAlban nó i nGaeilge (na hÉireann).
- Ba cheart gur fad ama idir 5 nóiméad agus 10 nóiméad a bheadh sa saothar deiridh, agus é scannánaithe ar chaighdeán gairmiúil (1920×1080/25fps) agus é a chur i láthair i bhformáid MP4 nó.Mov. Is féidir treoir maidir le dea-chleachtais scannánaíochta a fháil ach é sin a iarraidh.
- Moltar do na hiarratasóirí nuálaíocht, uaillmhian agus úrnuacht a léiriú.
- Ní mór do na hiarratasóirí samplaí de shaothair dá gcuid roimhe seo a sholáthar i dteangacha an ghlao coimisiúnúaithe.
Conas iarratas a dhéanamh:
Seol ríomhphost chuig ceangaldolen2020@gmail.com agus bíodh “Ceangal | Dolen 2020 Commission” sa líne ábhair.
Bíodh an t-eolas seo a leanas i ndoiciméad PDF:
- Cé thú féin agus comhthéacs don chineál oibre a dhéanann tú.(200 focal ar a mhéad)
- Ainm an tionscadail atá beartaithe agat.
- Sonraí an smaoinimh atá ar intinn agat agus an chaoi a gcruthóidh tú é má éiríonn le d’iarratas. (300 focal ar a mhéad)
- Tabhair ainmneacha na n-ealaíontóirí/saorealaíontóirí a mbeidh tú ag obair i gcomhar leo sa tionscadal atá beartaithe.
Na healaíontóirí a n-éireoidh lena n-iarratas, ainmneofar duine faoi leith ar fhoireann comhdhála Ceangal Dolen a fheidhmeoidh mar theagmhálaí dóibh le linn an phróisis ealaíne.
Tá cistiú agus tacaíocht don choimisiúnú seo á dtabhairt ag Éire Ildánach, Ealaín na Gaeltachta, TG4, Comhairle Contae Dhún na nGall, Amharclann Gu Leòr, Theatr Genedlaethol Cymru, An Taibhdhearc agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Imigh go dtí www.ealain.ie le haigh níos mó eolais.